Ár Eiceateachtaireacht

Teachtaireacht Inbhuanaitheachta dár gCuid Carad i ndáil linn nó i gCéin

Go mórmhór, d’éis duit dúlra breá Mhuigheo a fheiceáil, agus buaileadh duit lenár muinntir, ba mhian linn iarraidh oraibh, le bhur dtoil, éisteacht lenár gcuid tuairimí ar na dian-bhagairtí timcheallachta, atá i ndon dúinn go léir.

Tugann Tuarascáil 2010 ar an mPláinéad Beo, a foilsíodh thar cheann an Chiste Dhomhanda um Fhiadhúlra (an ‘WWF’), le fios go bhfuil tomhaltas an chine dhaonna ar leibhéal a bheadh domhain go leith de dhíobháil fá’n a choinne.

Is furast a thuigbheáil, ós rud é go mbaintear earraí ó acraíocht oll-mhóir le hinnill breoslaí iontaise, gur féidir go dtarlódh gorta ar fud an domhain, dá n-éireodh ganntanas díosail. Tá cosúileacht ann go dtiocfaidh meath ar fheirmeoireacht, toisg an aeráid a bheith ag dul in olcas agus laghdú ar an solas a bhfaightear ón ngréin go laethiúil dá bharr agus toisg truailliú na cré, de thairbhe úsáid leasachán saorga.

Na tosca a bhfuil tioncar acu ar an aeráid, na Gáis Cheaptha Teasa (is cuma conas a ghintear iad), uimhreacha ísle Grianspotaí (m.sh. Íosmhéid Sporer), is comhathruithe i bhfithis an Domhain. Maidir leis an toisc dheireannaigh, mhol Milankovitch (Seirbiach) go bhfuil tábhacht ó thaoibh na h-aeráide de ag gnéithe de gheoiméadracht Domhain-Gréine: 1) Éalárnacht – fithis an Domhain (athraíonn sé ó chiorclach go héilipseach gach 100,000 bliain), 2) Sceabhacht – claonadh in ais an Domhain, i dtaca lena plána fithise (ó 22.1 go 24.5o thar 41,000 bliain) agus 3) Luainíocht (an treo ina dhíríonn ais an Domhain – timthriall 21,000 bliain). Tarlaíonn athtruithe fithise thar na mílte bliain agus feictear a dtioncar ar athrú aeráide thar tréimhse inchurtha leis seo. Bíonn comhaithruithe móra sa mheántréimhse 11 bhliain, atá ag na timthriallta grianspotaí.

Coimeádann Painéal na NA um Athrú Aeráide (IPCC) tioncar na gréine san áireamh (Scientific American, July, 2009). Tá eolaithe ó gach cearn den domhan ar an bPainéal agus is féidir a rá go bhfuil sé ar cheann desna grúpaí is cóire gur féidir a chur le chéile.

Beidh na prionsabail a leanas tábhachtach dár saol le chéile ar an bPláinéad seo, sa toghchaí:

  1. De réir formhór na saineolaithe, tá méadú suntasach i teagmhais adhaimsire, nach féidir iad a thuar, toisg astúcháin oll-mhóra ghás ceaptha teasa, a athraíos airíonna teasa na haeráide. Tógann sé suas le caoga bliain sara meascann na gáis seo leis na gnáth-gháis. An t-slí is fearr dúinn laghdú ar astúcháin ghás ceaptha teasa (agus díobhálach) a chinntiú, táirgeacht bhliantúil na mbreoslaí iontaise a rialú. Ní bheadh bearta le fuinneamh a shábháil éifeachtach, muna mbeidís ceangailte le táirgeacht breoslaí.
  2. Ar ndóchaigh is fáidir le gáis te stoirm a ghiniúint. Athraítear fuinneamh teirmeach go fuinneamh cinéiteach le linn stoirme, le laghdú teochta mar thoradh ar seo san aermhais. Sampla d’fheiniméan é a úsáideann daoine áirithe chun é a rá nach dtarlaíonn téamh domhanda. I gcás cheist ar bith, is féidir go mbeadh cinneadh déanta ag duine sul má fheiceann sé aon fhianaise uirthi. Is gá díospóireacht agus oideachas ó fhoinsí oscailte a ghríosadh tré mheán ghréasán shóisialta leictreonacha.
  3. Is tré smacht do choimeád ar na hastúcháin Ghás Cheaptha Theasa an t-aon bhealach amháin inar féidir leis an gcine daonna an t-Athrú Areáide a rialú. Don mhéad is féidir, ba cheart úsáid achmhainní nádúrtha, tosca geilleagracha agus an aeráid a bhainistiú, ag leibhéal idirnáisiúnta, ar bhonn chomhairle ó bhrainse fheidhmiúil desna Náisiúin Aontaihte. Bíodh ann aon chosaint gur gá, mar shampla an deichiú cuid den bhallraíocht. Ba chóir céadatán na n-achmhainní domhanda a úsáideas aon tír (go hinbhuanaithe, ar ndóigh) do cheangal le meán-luach an mhéid a chuir nó a chuirfeas sí leis an leas domhanda. Dúthshlán é, an fhadhb seo a shárú, atá chomh mór leis na bagairtí a eascróchas ó dhul in olcas na haeráide.
  4. Is fíor gur ídigh roinnt tíreanna achmhainní nádúrtha sul mar fhéad tíreanna eile iad fhéin a fhorbairt. Fíor í an argóint nach gá do thír amháin fanúint go dtí go dtéann tír eile chun chinn. Argóint eile í gur le pobal an domhain uilig na hachmhainní seo – nó b’fhéidir le pobal na tíre a bhfuil siad ann. Dob’ fhéidir, ar ndóchaidh, go mbeadh an pobal sin ann leis na cianta – nó dob’ fhéidir gur imircigh de shaghas éigin iad. B’fhearr tosnú le réiteach an scéil chasta a chuartú agus argóint a dhéanamh go mba chóir do thíorthaibh comhroinnt chothrom achmhainní a ghlacadh mar aidhm agus gach rud a dhéanamh chun an aidhm sin a bhaint amach. Ag tabhairt faoi dear dúinn an neamhshuim a taisbeántar i ndaoinibh primitíbheachaibh, seandaoinibh agus san aos óg (san áireamh leanaí sa bhroinn), ‘sí ceist an chothromaíocht i gcoinne ghrúpaí shainleasa an cheist stairiúil is mó a chaithfidh an cine daonna do fhreagairt. Ba chóir go mb’ábhar leanúnach díospóireachta é, mar shampla, conas an scéal maille le tíorthaibh beagfhorbartha a aithint go hoscailte, agus ní mar aidhm do-aimsithe.
  5. Le cinntiú nach sáraíonn toil ghrúpaí shainleasa toil na ndaoine, in aon tír, tá gá le structúr ar leith a bhunú, fá choinne bhearta agus polasaithe rialtais a inniúchadh. Sa chaoi seo do b’féidir mí-úsáid chumhacht agus údarás a stopadh go h-oscailte agus le fís, do shásamh ghinearálta. Chun chur le seo, do b’féidir leis an structúr seo tús a chur le díospóireacht ar cheisteanna éagsúla agus iad a shoiléiriú don chosmhuinntir, le linn do pholasaithe oifigiúla a bheith á n-ullmhú, le teann riachtanais náisiúnta agus idirnáisiúnta do chomhlíonadh.