Maidir Linn

Grúpa cultúrtha é, Na Comhluadair Bheo Teo., arna riarú ag oibrithe deonacha.  Tá sé lonnaithe, mar chomhlucht teoranta, i mBaile Átha Cliath.  Arís ar bhonn deonach, cuidíonn teangeolaithe, staraithe, saineolaithe ar ríomhaireacht agus ar bhogearraí, eacnamaithe agus eolaithe eile, leis an gComhlucht.  Gabhann ‘achan dhuine atá páirteach san obair leis na prionsabail – cur chun tosaigh chaomhnú na timcheallachta agus daingniú nascanna tábhachta, stairiúla eadar Franncaigh, Gearmáinigh agus Éireannaigh.

Tá a bhfuil i ndon don chine dhaonna agus don timcheallacht fite fúite le chéile. Is amlaidh gur daoine don chuid is mó, ámh, a dheinfeas an cinneadh ar cad a tharlóchas. Do b’é an chaoi ab fhearr déaláil le caomhnú na timcheallachta eacnamaíocht inbhuanaithe a bhunú. Do thiocfadh le dearcadh ghrúpaí éagsúla nó daoine de chultúir éagsúla cuideadh le conas a rachfas an t-sochaí chun chinn go ginearálta. Ba mhian linn, ar mhaithe leis an gceart sóisialta, tionscnamh maidir le malartú smaointe agus tuairimí úrnua a ghríosadh. Sa chomhthéacs seo, leagann ár nEiceatheachtaireacht  bun-phrionsabail síos ar bhainistíocht domhanda na timcheallachta.

Ar an suíomh idirlín seo, www.gaeltacht.info, cuirimid eiceathurasóireacht i Muigheo chun chinn, i margaidh nideoige na Frainnce agus na Gearmáine. Is féidir le léirthuiscint ar an Nádúr a bheith mar nasc nua-aoiseach eadar Franncaigh, Gearmánaigh agus Éireanaigh – gidh gur cinnte go mbainfeadh daoine le cultúr ar bith taitneamh as saoire a chaiteamh sa Chondae.

‘Sé ard-phointe an eiceathurais glacadh páirt i ngníomhaíochtaí traidisiúnta, eiceachairdiúil ar an bhfeirm nó sa teach, i gceanntar iargúlta, Gaelach. Sa tslí seo, cuirtear béim ar leith ar tábhacht na timcheallachta agus ar chuimsiú shóisialta. Aidhm eile an eiceathurais í, na glúinte a tabhairt le chéile, le haon-tuiscint a spriocadh i dtreo is go mbeidh daoine i gcoitinne réidh don am atá le theacht, go mór-mhór don Athrú Aeráide.

Aithnítear annseo cabhair na nOibrithe deonach uilig, a chuidíos le soiché níos láidre, níos cóire is níos fiúntaí a chur chun chinn go diongbháilte. Ní minic a feictear mar seo obair á cur i gcrích ag foirinn, agus rún daingean aici cloí le barrshamhail.

Mar a dheineas Bord na gComhluadar Beo, cloíonn na hOibrithe eile, a chuidíos linn, le Cód na nOibrithe deonach (v. Volunteer Code) agus le cáipéisí ábhartha eile an Chomhluchta, atá le fáil ar an suíomh.

Ce Projet vise à démontrer que le partage des idées culturelles préface un management environnemental réel et efficace. Les volontaires donnent de leur temps et de leur expertise, avec ce but à l’esprit/cet objectif en tête.

Unser Projekt versucht zu zeigen, dass eine gemeinsame kulturelle Identität als Grundlage für ein effektives Umweltmanagement dienen kann. Vor dem Hintergrund dieses Zieles bringen Freiwillige Zeit und Expertise in das Projekt ein.

هدف از این پروژه اين است كه نشان دهد وجوه و ايده هاى مشترك فرهنگى ميتواند مقدمه ايى بر مديريت مؤثر زيست محيطى باشد. داوطلبان بدين منظور اندكى از وقت و تخصص خود را سخاوتمندانه در اختيار اين نهاد فرهنگى قرار ميدهند.

हमारा दल इस दुनिया को ये प्रकटित करना चाहता है की आपस मे मिलिझुली संस्कृति से आर्थिक एवं भौतिक परिस्थितियों को संभालने के लिए एक विशेष आधार मिलता है। और हमारे कामयाब स्वेछाकार्मी इसी मूल सिद्धांत का मान्यता निरूपण करने के लिए अपने अनमोल वक्त और निपुणता भेंट करते है।