Teistiméireachta

Buachaillí ón nGearmáin – agus fáilte curtha rompu ag comhluadar iargúlta Ceilteach. Ba chomharsana agus cairde iad na Ceiltigh agus na Gearmáinaigh tráth, iad araon ag maireachtáil ar bhruach na Réine nó an Róin – agus is féidir linn bheith amhlaidh arís.

Philipp agus Sascha (lena scairf)

I gceannas ar an ngrúpa cultúrtha ‘Na Comhluadair Bheo’, thaispeáin Liam a Éire chianaosta gan teimheal dom. I gCondae Mhaigh Eo Thiar Thuaidh, shiúil muid idir chnoic rollacha, ghlasa agus aillte garbha, géara – le taoibh na nAchadh Céide (suíomh oidhreachta ón gClochaois), thar Oileán Acla (oileán úrghnách cois cósta na hÉireann) agus Cathair na Mart, baile beag cluthar, le tithe tábhairne compordacha.

Níos suntasaí arís ná iontas fhiadhúlra na hÉireann ‘siad na daoine iad féin. Do chuir Tom Hennigan fáilte fial romham, thug tae agus scónaí baile dúinn agus do chuir síós ar talmhaíocht agus ar saol sóisialta Mhaigh Eo, a léirítear go soiléir ina ionad taispeántais. Ardphointe an turais, buaileadh le Treasa agus Uinsíonn. Tá cónaí orthu i gCeathrú Thaidhg, pobal beag Gaelach, suite i bhfad ós na príomhbhóithre. Labhraíonn siad an Ghaedhealg – teanga traidisiúnta na tíre. Agus tá siad araon ró-bhródúil as a gcultúr agus as a dtír dúchais. Tá siad i gcónaí sásta an nasc ársa idir cultúr na hÉireann agus cultúr na Gearmáine do mhíniú. D’iarr siad orm seanchas na hÉireann a fhoghlaim – taithí fíor-chorraitheach domsa!

Tugadh an phribhléid dom taitneamh a bhaint as leagan réamhléiritheach den Eiceathuras. In ainneoin na dturas a rinne mé cheana go hÉirinn, bhí mé in ann go leor gnéithe nua a bhain leis an Oileán Glas a fhoghlaim. Ina measc seo bhí m.sh. léargas ar leith agam ar Ionad Oidhreachta Hennigan i Chill Lasrach, an fáilte chroíúil a cuireadh romham i gCeathrú Thaidhg agus na turais a rinne mé go Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich agus go hOileán Acla, ar chonair Heinrich Böll.

Fanann go leor cuimhní chinn deasa agam ar an turas. Ar an gcéad dul síos – an tírdhreach dochreidte – pléisiúr don tsúil, dosna na scámhógaibh agus don anam. Ní fhéadfá áilleacht nádúrtha ní b’fhearr a bhaint amach in aon áit eile! Ar an dara dul síos, an chaoi ina gcuirtear síos, le grá go deo, ar stair agus cultúr na nGael. Tá na hionaid chultúrtha lán de chroí agus anam na ndaoine áitiúla. Ar an tríú dul síos, bhí teagmháil ar leith agam leis na daoine – a bhfuil an cineáltas sin, an t-intinn oscailte agus an t-ionracas ag gach éinne acu. Anseo tá míniú bríomhar ag ‘céad míle fáilte’. 

Tá mé soiléir faoi seo – mé ar ais!